Dathlu pen blwydd y babell yn 47 oed / Lidañ 47vet deiz-ha-bloaz an deltenn / Kanpindendaren urtebetetza ospatzen - 47 urte ditu / Celebrating the tent's 47th birthday
▪️ 2025 - y babell wedi ei gwerthu / the tent has been sold
▪️(Ar bhoithrín na smaointe.) ▪️Tá an seanaphuball so díolta agam le déanaí. Ní raibh spás agam dó a thuilleadh. Cheannaigh m'athair i 1963 é agus do chuamair ag campáil den gcéad uair riamh an bhliain sin, ar láithreán campála beag gar da gKinoulton i gContae Nottingham, Sasana. Nutwood b'ainm dó. Ní raibh ach aon leithreas ar an láithreán, ceann ceimiceach - píosa adhmaid a raibh poll ann agus buicéad faoi. Bhí boladh bréan ann, dar ndóigh. Ní rabhas mó ná sásta go raibh orm dul im luí sa 'seomra' céanna lem thuismitheoirí. Bhí mo dhearthár cúig bliana ní ba shine ná mé agus bhí a phuball féin aigesean. Ní chaitheamair ach deireadh seachtaine ann, ach thaitin liom a bheith ar an dtuath. Thaispeáin mo mháthair magairlín beag ag fás ar imeall na coille agus chonaiceamair dallóg fhéir, nó luch chodlamáin, ar imeall an bhóthair mhóir. Ní fheacas a leithéid riamh roimis sin. ▪️Thug m'athair agus mo mháthair cúram don bpuball agus bhí sé i ndea-chaoi fiú tar éis bliain agus trí fichid. N'fheadar cén saol a bheith ag an seanaphuball as seo amach ach bhí an leaid óg a cheannaigh é thar a bheith sásta leis. Téimsa go fóill ag campáil sa samhraidh ach tá puball 'nua' agam, ceann a cheannaíos nuair a d'éiríos as mo phost deich mbliana ó shin. Tá an saol ar rothaí.
www.flickr.com/photos/bara-koukoug/4047329465/in/photostr...
www.flickr.com/photos/bara-koukoug/46182111/